Nuacht Raidió Fáilte – cibé áit ar domhan thú!

Emma Mhic Mhathúna le cur Dé Céadaoine

 

Dé Céadaoine a chuirfear Emma Mhic Mhathúna.

Cuirfear í I Maigh Nuad Co Chill Dara.

Is amárach a bheidh Aifreann na Marbh ann di ag Teach an Phobail na Carraige ar Bhaile nan Gall I gCiarraí.

Tabharfar a corp go Baile Átha Cliath agus beidh Aifreann ann di I Leas ArdEaglais Naomh Mhuire sula gcuirfear í in aice lena máthair, Annette, I gCill Dara.

Arsa cara léi, ‘Bean greannmhar, cróga, a ba í Emma, máthair ghrámar a raibh cion as cuimse aici dá páistí.  Ach ba dhuine í fosta ar mhór léi cothrom na Féinne agus níor staon sí riamh de bheith a lorg. Ghoill sé go smior uirthi go raibh sí chun bás a fháil chomh óg sin ach throid sí le nach dtarlódh seo do mhná eile.’

 

Buiséad ailtéarnach foilsithe ag Sinn Féin – Ciste Raidió molta

 

Tá Sinn Féin I ndiaidh buiséad ailtéarnach a chur ar fáil agus moltaí go leor faoin Ghaeilge san áireamh ann.

Ar na moltaí istigh ann tá an páirtí ag moladh go gcuirfí ar leataobh airgead chun go ndéanfaí taighde ar a éifeachtaí is a bheadh sé tithe a chur ar fáil I gceantair uirbeacha do dhaoine ar mhaith leo teaghlach a thógáil le Gaeilge. Moltar ann lena chois go gcuirfí €9.674m breise ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019.

Dar leo go mba cheart go gcuirfí €2 milliún breise ar fáil d’eagraíochtaí pleanála teanga agus go gcuirfí €2.3 milliún ar fáil do Phlean Infheistíochta Chonradh na Gaeilg.

I measc na bhfiontar nua atá molta i mbuiséad ailtéarnach Shinn Féin, moltar go gcuirfí €500,000 ar fáil le Ciste Raidió Gaeilge a bhunú, macasamhail an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh.

 

 

Gardaí ag fiosrú sádh fir I gCo Chorcaí

Deir na Gardaí go bhfuil siad I mbun fhiosrúcháin I Maigh Chromtha in Iarthar Chorcaí I ndiaidh do fear 44 bliain d’aois bás a fháil ar maidin mar gheall ar a sháite i dteach ansin.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála chuig teach ar Phlás Dhónaill Uí Chorcora go gairid roimh 2 a chlog ar maidin, mar a bhfuarthas corp an fhir.

 

‘Scaoileadh pionóis’ I Lóiste na Móna, Béal Feirste

Gortaíodh fear go dona nuair a scaoil gunnadóirí sa chos é in Iartha Bhéal Feirste go luath ar maidin inniu. Tharla an t-eachtra ar Bhóthar an Ghleann Thuaidh I Lóiste na Móna thart faoina 11.00 aréir.

 

Sagarti nDeoise Ard Mhacha le seasamh ar leataobh

 

Tá sagart in Ard Deoise Ard Mhacha I ndiaidh seasamh ar leataobh óna dhualgais mar gheall ar scéal a cuireadh I láthair na Deoise.

Chuir an Deoise fios ar na Gardaí agus ar na húdaráis chuí sa tuaisceart.

 

Bua sa chéad bhabhta ag Bolsonaro, dara babhta 28 Deireadh Fómhair

 

Bhí an bua ag iarrthóir na heite deise antoisceach, Jair Bolsonaro, sa chéad bhabhta den toghchán Uachtaranachta sa Bhrasaíl inné.

Iaroifigeach airm agus fear a nocht tuairimí ciníocha, gnéasaíoch, agus frith-ban é an tUasal Bolsonaro agus feictear é mar leagan na Brasaíle de Donal Trump.

Thóg seisean 46% de votaí agus gan ach 29% de vótaí ag a chéile comhraic, is é sin Fernando Haddad, iarrthóir le Pháirtí na nOibrithe.

Beidh an dara babhta toghchánaíochta ann ar 28 Deireadh Fómhair agus in ainneoin ar tharla sa chéad bhabhta vótála léiríonn pobalbhreitheanna áirithe go bhfuil an comórtas go fóill idir dhá cheann na meá.

 

Taylor Swift I ndiaidh iarrthóirí Daonlathacha a mholadh dá 112 m leantóir ar Instigram

Deir an popréalt Taylor Swift go mbeidh sise ag vótáil do na Daonlathaigh sa toghchán lártéarma a bheas ann I gceann roinnt seachtainí. Sheachain sí aon tuairim pholaitiúil a nochtadh roimhe seo ach I bpostáil a rinne sí don 112 leantóir Instigram aici gur tharla athruithe ina saol féin agus sa domhan le dhá bhliain anuas a thug uirthi athmaoineamh ar fhanacht ar an chlaí. Cháin sí iarrthóir Phoblachtach don Seanad agus mhaígh go mbeadh sí ag vótáil do Dhaonlathaigh. Cé go bhfuil dúil ag scair mhór de Mheiriceánach inti agus ina ceol ní léir cad é chomh tábhachtach is a bheas dearbhú ó Taylor Swift d’iarrthóirí na nDaonlathach sa toghchán atá amach romhainn.

 

 

Seán Ó Muireagáin – seo chugainn a chéad leabhar!

Foilseofar an chéad leabhar le SeánÓ Muireagáin le linn Oireachtas na Gaeilge 2018 a bheith ar siúil I gCill Áirne. Cnuasach ghearrscéalta atá I gceist agus is iad an comhlacht Eabhlóid as Tír Chonaill a chuirfidh cló ar an leabhar. Beidh agallamh le Seán, Béal Feirsteach atá aitheanta mar gheall ar a chuid filíochta go háirithe, beidh agallamh leis ar an chlár ‘Ealaíon gan Teorainn’ ar Raidió Fáilte Déardaoin 11 Deireadh Fómhair 2018 @ 4.00.